lundi 12 mars 2018

‘Friedrich Nietzsche: Saol agus Smaointeachas’ le Diarmuid Ó Gráinne


‘Friedrich Nietzsche: 
Saol agus Smaointeachas’ 
le Diarmuid Ó Gráinne 
Coiscéim, 1997
Litríocht €6.34

Tá nócha bliain ann i mbliana ó foilsíodh Ecce Homo Friedrich Nietzsche, ocht mbliana tar éis don údar féin bás a fháil. Sa bheathaisnéis gearr seo cuireann Diarmuid Ó Gráinne (comheagarthóir An Fhealsúnacht agus an tSíceolaíocht [Coiscéim 1993] smaointeachas agus cúlra an fhealsaimh os ár gcomhair.
__________

“Ba shíceolaí Nietzsche chomh maith le bheith ina fháidh fealsúnta. Bhí sé frithShócraiteach, toisc gur chuir Sócraitéas béim ar an réasún. B’é an fealsamh réamhShócraiteach, Hearaiclítéas, a rogha. Mar sin, roghnaigh sé Diníosas in áit Apolló, an taghd cruthaitheachta in áit an réasúin. Ní hiontas go raibh col ar leth aige le scoláirí a chaith a gcuid ama ag scríobh faoi thuairimí a bhí oibrithe amach ag daoine eile. Dhearc sé orthu mar chluanairí meata, a bhí lán formaid agus éada, nach raibh sé de mhisneach iontu briseadh amach thar bhallaí na hollscoile, agus an saol a fheiceáil mar a bhí. Ní hiontas gur mhol Nietzsche an saol faoin aer, agus is minic a dúirt nár chóir iontaoibh a chur i smaoineamh ar bith nach dtagann chugainn sna sléibhte faoin aer folláin. […] Ba dhíol trua an duine nua-aoiseach, dar leis, feithid bhocht éidreorach nár chuir an iomarca stró air féin faoi rud ar bith, a raibh lá crua oibre thar a acmhainn, a raibh an tseirbhís féin thar a chumas cluanach, spreas díbheo a bhí coillte go hintleachtúil, go fisiciúil agus go spioradálta.”
(‘Friedrich Nietzsche: Saol agus Smaointeachas’ le Diarmuid Ó Gráinne, Coiscéim, 1997, leath. 17,18.)